Home
History
The Lake
Technical School
Coláiste Mhuire
National School
Tidy Towns
Photos and Video
Poetry
Map
Contact Us

Coláiste Mhuire

Dá réir miontuairisc cruinniú an Choiste Gairm Oideachas Dhún na nGall i mí Aibreán 1945, rinne an tUasal Pádraig Mac Conmide iarrchtas ar son Comhaltas Uladh, le úsáid an Cheard Scoil i Loch an Iúir a fháil le coláiste Gaeilge a rachtaíl on 16ú lá Iúil go dtí an 10ú lá Lúnasa 1945:

‘Bheidh úsáid a bhaint as do cheithre scór dalta, go mór mhór as ceantar Ard Mhacha agus bheidh sé faoi choimirce Comhaltas Uladh, faoi stiúir An tUasal Pádraig Ó hÁdhmaill (Paddy Bán), Sráid Iona, Ard Mhacha, le trí mhúinteoir áitiúil as ceantar Loch an Iúir mar chúntóirí . Thugfáidh miona nach ndéanfaidh damáiste ar bith den fhoirgneamh. Thug an Príomh Aidhmeannach( An tUasal O’Neill) le fios gur scríobh sé ag an tUasal MacConmide ag tabhairt le fios do nach raibh na ranganna críochnaithe san Ceard Scoil go dtí deireadh mí Iúil agus go raibh sé de gnáth ansin taispeántas a bheith sa scoil de oibreacha na ndaltaí i rith na bliana, agus de bhrí sin, ní bheadh an Ceard Scoil ar fáil ag an am a bhí luaite. Dúirt sé gur scairt an tAthair Marron S.C. Bun Domhrain leis agus gur chuir sé na luí ar go raibh sé iontach i bhfach, an Ceard Scoil bheith le fáil, fiú ag dáta níos moille.


Cúrsa mí Lúnasa 1958 i gColáiste Mhuire Loch an Iúir

Mholl Daniel E. O’Boyle le cuidiú ó An Dr. Molloy agus tógadh de aon ghuth:

1. An scoil a chuir ar fáil an chéad seachtain de mhí Lúnasa agus den chuid eile den mhí.

2. Go dtabharfaidh ‘leid’ gur cheart ‘honorarium by the Gaelic League Authorities’ a thabhairt den mhaor de bharr na hoibreacha breise a bheadh le déanamh aige.

3. Go dtabharfaidh le fios den comhaltacht árachas fan socrú.

Is mar sin a cuireadh tús ar Choláiste Mhuire i Loch an Iúir a chuaigh ó neart go neart thar na mblianta agus atá ag cuir cúrsaí ar fáil inniu do suas le míle dhalta ar feadh na bliana, ag an Cháisc agus i mí Meitheamh, Iúil agus Lúnasa.

Is iomaí duine mór le rá a d’fhreastail ar cúrsa samhraidh i Loch an Iúir thar na mblianta mar atá le feiceáil sa grianghraf seo a chuir An tAthair Seán Ó Cleircín ar fáil dúinn. Bhí an tAthair Ó Cleircin ina Shéiplíneach ar an Choláiste i ndearadh na caogaide agus is le meas mór atá cuimhne ag bunadh an bhaile air go dtí an lá atá inniu ann. Ar an droch uair, tá duine nó dhó nach bhfuil muid ábalta ainm a chuir ortha de bharr passaid ama. Má tá fhios agat cé h-iad, dean teagmháil linn agus cuir ar an eolais muid, más é do thoill é.

Séiplíneacha mór le rá eile a bhí i Loch an Iúir thar na mblianta nó An tAthair Ó Muilleagain (níos moille Easpag) An tAthair Ó Dubhaigh (níos moille Easpag)agus ar ndóigh An tAthair Ó Fiach (níos moille Cairdeanalach) An tAthair Ó Dunshleibhe(Livingstone). An tAthair Marron, An tAthair Shields, An tAthair Bartley agus mórán eile.

Ma tá grianghraf agat de chúrsaí ar bith thar na blianta, no cuimhne cinn ar maith leat a roinnt linn, beidh muid sásta amharc ar agus a chuir ar an suíomh seo.

Seán Mac Suibhne
© 12/08/'09

Site Updates - © 2007-2011 JMS WebDesign